Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 138
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Éamonn an Créipí agus Sean an tSotail”
  5. XML “An tEasumhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    feitheamh air. Fá deireadh chuaidh an seanduine amach agus d’amharc suas ar an tseisreach. Bhí soc na seisrighe de uachtar san spéir mar bíos sé go mall san oidhche. Thainic sé isteach, dubhairt sé síud. Chuaidh sé amach arais agus níos mó can fhacthas é. (Deanfaí aireamh ar an am de réir na realtóg roimhe seo).
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Éamonn an Créipí agus Sean an tSotail.
    Bhí an bheirt seo na gcomhnuidhe in Inis Mic an Duirn. Bhí Éamonn iontach umhal agus Sean bhí seisean bródamhail [uaibhrea]? agus sin an fáth go rabh na leas [ainmine]? acha seo ortha.
    Tainic Eamonn isteach toigh Shean oidhche agus sheasuigh shíos ag bun an urlair ann.
    “Cad chuige nach dtig tú aníos agus suidhe ar chréipí, a Eamonn”, arsa Sean.
    “Maise ní leigfead an giodal damh” arsa Eamonn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. An tEasamhal.
    Fear an drabhlasach a b’eadh Filip No*r O’Dochartaigh, bhí sé féin agus a chomrada ag pillead abhaile go luat ar maidin indiaidh oidhche ragaireacht nuair a connaic Filip asal ins an chuibhreann.
    “Goidé sin thall annsin” arsa seisean.
    “Sin asal”, arsa a chomhrada.
    Chraith Filip a cheann. “Ní sheadh”, arsa seisean. “Mise an ‘an teasámhal”, sin an mall-triallach”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge