Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(ar lean o leath. 109)168. “Darna ghach a’n lá ó mo lá sa amach” adeir Brighid (A. Ní Ch.
“Gach uile lá ó mó lá (= abhéas go nadúrtha) sa amach”, adeir Pádraic.
169. Trí mianach an bhradáin fheárnaigh, mianach mairt, mianach éin agus mianach éisc.
170. Na trí baill is frithre - súil. Glún agus uille. (B. Ní Fhrighil)
171. Cill Cartha, Cill Carta, ‘S an colann gan cionn. ‘S an cionn gan coileach
172. An té a dtéidheann cáil na niothéirighe amach air féadann sé codladh go ham eadarú (N. Ní D.)
173. Deireadh fáistine, sin mac Eóin an Ghaimbín agus da phreata tur.
174. Tá an ceathair os cionn an trí agus gan iomrádh ar niall teacht go fóil
175. Madadh Sugh mo croidhe, mór le gach (sugh mo chroidhe = duine plásanta an duine d’iomcrochadh thar an abhainn thú - le cainnt) (A Ní Ch)
176. Ní dheánfaidh mé mallacht nó eascaine acht ballaí Ifrinn go dtuitidh oraibh! (Húidí Mháire Nig Ruaidrí as Mín Beannaid)
177.
Trí coiscéim na trócaire - coiscéim do’n athair, coiscéim do’n mhac agus coiscéim dón spiorad naomh (An chead urnaigh deireadh mo mháthair ar maidin agus í ag tabhairt 3 coiscéim ó thaoibh na leabtha)
178. Doire na Mainsear is ann nach mbíonn doicheall roimh an strainsear (Micheal O’Corradáin. Féachuimh. 122,3,4)
179. Tá sé ag cur de dhíon agus de dheora (ag cur go trom) (N. Ní D)
180. Is goirid eadar indiú as indé sch is giorra ná sin a bíos an léan ag teacht (A. Uí Ch.)
181. Bain do thoit as an tsaoghal na mur inbainidh Bainfidh an saoghal toit asat. (A. Uí C.)
182. Ní fheicim í, dubh, bán no riabach.
183. De réir a cinn a bhligheas an bhó (má fhágaim sí [tarsun]? maith béidh neart bainne aici ach mur bhfaghaidh ní bhéidh (A. Uí Ch.)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Tomais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- N. Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Paidí Mór Ó Sléibhín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- A. Ní Cheallachain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann