Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Dá gCastaí Cailín Deas oraibh”
  4. XML “Scéilín - Pópa William”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A Rí nach mé an truagh is mé ceangailte ar sclábhaidhe
    Nach leigeann ‘un aifrinn mé la saoire no Dia Domhnaigh
    Nach dtabharfadh go toigh an leanna mé is nach nólfadh giné óir liom
    Nach dteannfadh le na chroidhe mé mar dheanfadh mo mhíle stóirín.
    Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí
    Agus lán dhá phóca is ní shásochadh sé m’intinn
    ‘Sé mo chreach nach dtig sé thart mar thainig ar bha is ar chaoirigh
    An té nach dtaiteann an margadh leis a seoladh ‘un aonaigh
    I gcaislean cois na fairge [bimhse]? mo comhnuidhe
    Nuair a bhí mé mo bhaistileóir bhí mé laghach aerach bhí me in innibh dul ‘un cainnte
    Le Gaill is le Gaedhil mhaith
    Anois o tá mé pósta ná labhradh duine go méagh liom.
    Mo mhallacht ar an lá udaidh a rinne me dith na céille.
    (Máire Ní Mháirtín 86 Corr na bFioch, Bearnas Mór, a chán domh. Bhí spéis ag an duine seo i gcáilín a rabh deánamh graithe inntí agus í na comhnuidhe cois na fairge. Labheann an cáilín san darna ceathrú agus is cosmhail go rabh taitneamh aicí dó, ach leigfhidhe duithe a phósadh. Pósadh annsin é ar cáilín a rabh airgead aicí ach is cosmhail go rabh seise an - mhío - shásta de’n doigh a bhí air annsin - deir se fhéin go dtearn sí “dith na céille”)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéilín. “Pópe William”. Póiteóir mór a b’eadh Pádaí John as Tamhnach Mhuillitigh. Bhí se ag teacht amach as Dún na nGall ar an traen ar an domhadh lá déag d’Iúl agus bhí cuid mhór de na buachaillí buidhe ar an trean in a cuideachta agus iad ag mallachtaigh ar an Phápa. Sa deireadh bhain Pádaí buidéal as a phóca agus d’ól deoch.
    “Seo bhur sláinte”, arsa seisean, “agus go hifreann le Pópe William”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge