Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Clann tSuibhne na Miodóg”
  4. XML “Mar a Fuair an Bhean an Duais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amhain ar an ruaig sin. Ghlan sé an Gaoth Bearra ar an ruide sin.
    Rinne an Dochartach réidh go tiugh géar is thiocadh leis leis an túr a fhaghail. Chuaidh sé ar bord luinge fa na ceallaibh agus nuair a bhí an long giota ón céidh amach chonnaic sé istigh ar an lambáire Maolmuire agus é cóirigthe in éideadh bacaigh.
    “Da mbínnse amuigh a duine bhoicht”, arsa seisean. “Chuirfinn deirce in do mhála duit”
    “Agus dá mbínnse istigh agatsa bheirfinn an mhíodóg seo duit”, arsa Maolmuire agus é ag nochtadh na miodóige a bhí foluighthe faoi na chota aige.
    (Tá leagan eile ar an scéal seo in “Oidche Airneal”, faoi an tiodal “O’Baoghaill agus Mac Suibhne. Bhí Maolmuire chomh nole sin nach dtearnadh an sagart de clann tSuibhne ar feadh abhfad. Sé an Sagart Domhnall Mac Suibhne an chead sagart a rinneadh den dream sin agus bhí íontas ár na daoine nuair a fuair seisean féin ‘un tosaigh).
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mar fuair an bhean an duais.
    Droch-fhear a bhí na chomhnuidhe in Arainn i bhfad ó shoin agus bhí duais amuigh do’n té a bhainfeadh an ceann de. Thainic beirt fhear anuas as Port Nuadh agus d’éirigh leobhtha. Ag dul arais daobtha chuaidh siad i dtír in [Iuis]? Caorach. Ní rabh acht an teach amhain san am sin agus chaith siad an mála a rabh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.