Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Rannta, Ráite, Seanfhocla agus Píosaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “A chara sa chuir bhí brúighte tursach fá’n páis
    Dearc ar an Úir is fiú tusa éisteacht fhaghail
    Sí an fhoigde chiún a mhucas pheacaidh síol Eabha
    Is gheobhaidh tusa cáiteamh i gcúirt geal Rí na naomh”.
    agus níor chán sí an rann seo ó sin amach.
    “Spárál na circe fraoich’ ar an fraoch” (S. Fh. 103). Sompla é seo de (Cainnt na nÉan)
    “A ghiolla mhóir na [hith]? ach do shaith,” deireadh sí leis an coileach. O nach bfeiceann tú an croc udaí agus an croc udaí agus an croc udaí”, deireadh seisean.
    “O nach bfeiceann tusa an téan udaí agus an téan udaí agus an téan udaí” deireadh sise.
    (Is ionann sin agus duine bhéadh ag spáral agus neart aige)
    “Is mairg nach mbíonn aige ciall is nach gcomeann srion le na ghuth
    Anois o thainig fial is maith an biadh an chaora dubh”.
    I bfad ó shoin bhíod go leor daoine gasta ag dul thart ach bhíodh teanga ghéar ag cuid aca mur bhfághadh siad riar co [mhtrom]? (agus) b’fhéidir go ndeanfadh siad aor ar an té a silfeadh siad a ghlacadh a mbuntaiste. Cliar cánta a bheirtí ar a leithid seo agus dheanfadh gach duine a dtiocadh siad trasna air a dhicheall le iad a shásamh ná níor mhaith le a’n duine go ndeanfaidhe aor air (féach 122, 123, 124)
    Thainic an cliar canta isteach i dteach. Shuidh sé tamall agus ní rabh iomra ar bith ag bean an toighe aoidheacht a thabhairt do. Bhuad fear an toighe isteach agus thug ordú an chaora dubh a mharbhú do. Annsin shíl sé gur mhaith an rud an fhoighde agus dubhairt sé síud.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chruit, Co. Dhún na nGall