Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ranntá, Ráidte, [mi]? sean - fhocal agus píosaí.
Chuala né an cuid is mo aca ó mo mhathait :- Nuala Ní Docartaigh. An Chruith. Ceann Caslach.
(Rugadh i 25/3/1851)“Ní shiubhlann Dia le [Mio-Rúin]? na ndaoine” (Sean-focal a 5)Sagart a chaill péire stocaí. D’fhág sé ar bhean comharsan é agus thug a mallacht duithe acht fuair sé na shtocaí na dhiaidh sin agus annsin dubhairt sé go dtuitfeadh n a mallachtaí ar féin. Cailleadh ar an Ghaoth Dobhar é agus bhí cumhaidh mhór ar a deirbhshiúr na dhiaidh. Dubhairt sí :-
“Gaoth Daobhar, gaoth Dobhar is dubh do’n tír thú
Ní Cuan Meala agus ní nIubhear eisc tú
Poll domhan fá choinne cailleadh daoine
Sé [monnar]? mar fágadh brian ann”.“Na cuir do rún i ndioghaltas acht bíodh do mhuingin as trocaire de”. (no féach S.F. 145)
Fear an - bhreagh a bhí i nGleann na hEilte agus chuaidh se ‘un tsléibhe fá choinne eallaigh. Glacadh e ar son Mollaí agus marbhadh é. Bhíodh a mhathair dá éagcaom :-
“A chara sa chiúr, bhi brúighte tuirseac fá’n pháis
Dearc ar an Úir is fiú mise éisteacht fhághail
Sé mac daid ar an ród a leag tusa gan fath
Béidh díoghaltas mór sa ghlór fa do leagaint gan fáth”
Fear comarsan a thainic isteach agus níor mhaith leis a cluinstin go mbéadh “díoghaltas sa ghlór” mar gheall ar an chair seo. Dubhairt seisean :-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall