Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Seanfhocla, Abairteacha agus Ranntaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    148. Tá sé comh fada le lá aonaigh Rath Bhoth (duine fadalach ag innse scéal na dadaidh mar sin. Tuiteann Aonac R. B. ar lá fheil lam - an lá is fuide sa bliadhain) (N. Ní D.)
    149. Dá choiscéim déag na droth uaire (Feach 57. Má chuireann duine fearg ort siubhal 12 coiscéim uaidh sul a dtabharaidh thú freagair air) (N. Ní Dh)
    150. Trí choiscéim an chomoraidh (Tá sé fiúntach trí coiscéim a shiubhal le cuairteoirí o do dhoras féin). Agus féach “coiscéim na trocaire nuair castar torramh ort. (N. Ní Dh.)
    151. De réir a cinn a bligheas an bhó (Ma fágain sí “chineal” maith béidh bainne aice; mur bhfághaidh ní bhéidh) (A Ní C.)
    152. An té a bíos go holc do féin bíonn se go maith do daoiní eile (An té a chomheadas graithe ua gcomharsan agus ghíos [neamart]? ni a groithe féin) (N. Ní Dh)
    153. Leig [ionns’]? air an bodach mé ach na leig an bodach chugam. (Ta sé doiceallach roimh an bhodach acht ba mhaith leis go mbeadh an bodach [neamh]? dhoicheall ach roinn a Gall eile - na leig do’n fhear mhór mo bualadh acht tabhair cead mó ciun damh fein) (A. Ní Dh.)
    154. Ní thabharfadh an fiach dubh do’n ean é (A. Ní C.) Da dtugadh níor leis féin é (ghiobhadh an téan bás)
    155. Sé deir Colm Cille go h-ifrionn go brath nach dtéid fial.
    156. Ní cainnt a dhearbhuigheas acht gríomh.
    157. Cam (nó) díreach an ród sé an bealach mór an taithghiorra
    158. Ní cothuigheann na briathra na bráithre. (A. Ní C.)
    159. Nuair a chailleas bean a náire bíonn a dánacht ag méadá (A. Ní C.)
    160. Gaoth anoir ‘ndeas cliath fóirste na fairge (seo an ghaoth a a chiúnas an fairge san iarthair) (N. Ní Dh.)
    161. Go leigidh an Rí slan na maithreacha (Maithreacha na fear thanna. Deirtear seo nuair tá sé ag cur go trom. Cuirtear an paidir seo fosta le duine a bheireas deoch bainne uaidh) (A. Ní C.)
    162. Seanfhocal agus é fíor, ma bheireann tú pannán as an chruach is furust do’n tsluagh bheith na diaidh (nuair bristear ar an chruaich is furust dó’n ghaduidhe bheith ag baint as gan a [sonnrú]?) (A. Ní C)
    163. Rachad se fríd na gorra. (deirtear seo nuair tá baisteach trom ann na [hi[? Uí gorra, trí carraigeacha séanta ar cúl Uaighe) (N. Ní D.)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Tomais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Eadargóil, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    N. Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Paidí Mór Ó Sléibhín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    A. Ní Cheallachain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann