Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)130. Ní caoinfear an tuisge go dtriomuighidh an tobar.
131. Tinneas fada bás sa deireadh.
132. An té a dtéid ainm na [niochéirige]? amach air féadann sé codladh go h-eadarú (= eadartráth) (N. Ní D.)
133. Dá mbíodh bliadhain ar fad ins an lá béinn sásta acht gan bheith ag obair.
134. Ní bhfuair cú gortach crámh ariamh. (N. Ní D.)
135. Strotann muca míne síoda. (A. Ní C.)
136. Beireann duine géar baramhail.
137. Is fearr fuigheall an mhadaidh na fuigheall an mhargaidh (A. Ní C.)
138. Na bíodh fonn magaidh ort, níl se [sona.]? (“)
139. Ní olann na mrá an lionn Ach téidheann sé thart le na linn (N. Ní Dh.)
140. Bleaghan go fonn agus maistreadh go teann a gníos an bainne agus an [tim.]? (A. Ní C.)
141. Tá an fhairge na tonna ceann fhionna (=garbh) (N Ní D)
142. Sé do mhac do mhac [rudiú]? ach sí do rugean do nighean go deo. (Nuair phosfaidh do mhac dheanfaidh se dearmad ort acht ní mar sin de do nighean) (A. Ní C.)
143. Is garach do chomharsan go dtéidh do bhó in a coirce.
144. Tig gar na gcomarsan, mbealach a cheile (N. Ní C)
145. “Sí an fhoigde chiún a mhúcas peacaidh síol cabha (N. Ní C)
Is geobhthar cuiteamh cóir i gcúirt geal Rí na naomh”
146. Giolla ag ladar is é féin ag líonadh meadar. (N. Ní D)
(Duine ag iarraidh ar duine eile gar a dheanamh do agus gan é féin ag deanamh a dath - b’feidir ag ól)
147. “Bhfuil do riartanas annsin?” “O tá mo dhíoladh agam”. (arsa an iolar leis an dreolán nuair a thug sé do leath na cuiteoige (?) (A. Ní .C).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Tomais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- N. Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Paidí Mór Ó Sléibhín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- A. Ní Cheallachain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann