Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Seanfhocla, Abairteacha agus Ranntaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    113. An té a rinne bodhar sibh go ndeanaidh sé balbh sibh (dubhairt Máire connachtach leis an bheirt bhan nach dtug freagair uirthi)
    114. Is dall gach aineolaidhe
    115. Tabhair greim do’n bhocht is na dall an tsúil A Mhuire Mhuirneach brigh na [npíl]? (A. Ní C.)
    116. Cailleadh é eadar long is lámbairne = jetty (Cailleadh é go tuatach) (Seruidh Niac Gonogail)
    117. Goidé an cat marbh a chas in mo shlighe thú (Goidé an donas nó an mío-ádh a chur mo bhealach thú).
    118. Feoil oidhche fheil Brigde nó bain cluas den chat (A. Ní. C)
    119. Tiocfaidh an tathrach ar an earrach (N. Ní D.)
    120. Is cleasach an peata an saol na is beag nach mbaineann sé liomóg as. (A. Ní C.)
    121. Níl fhios ag a’n duine ca dteanann an bhróg ar an duine eile. (A. Ní C.)
    122. Cloch glas gan meas gan teine gan teas (C. Ghlas, ainm áite (Micheal O’Corradain, fear siubhal ón Iarthair a rinne 122.3.4)
    123. Ceann Caslach an áit mhaslach ar corp fir agus ar dhuine gan chóir (C. Caslac, ainm áite. Bhearfadh an taosóg [drot]? íde do ins an áit seo)
    124. Gort na Saigeadh, an áit a mbíonn na mrá argéad agus na caoirigh ar téad (G. na S. = ainm áite) (N. Ní Dh.)
    125. Coinnigh rud seacht mbliadna agus gheobhfar úsaid do.
    126. Duine gan beal gan teangaidh (duine nach mbéadh abálta dadaidh a rádh, nach mbéadh teacht i lathair ar bith ann) (N. Ní D.)
    127. Is fearr a bheith ciún na borb.
    128. Níl léigeas ar an bhás ach pósadh aríst.
    129. Cá meathann modhamhalacht go deóidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Tomais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Eadargóil, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    N. Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Paidí Mór Ó Sléibhín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    A. Ní Cheallachain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann