Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Seanfhocla, Abairteacha agus Ranntaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    29. Ní fhuair an madadh ruadh ariamh teachtaire chomh maith leis féin.
    30. Tús rac rabharta agus líon rac rabharta ní tharann rac gan rabharta agus ní tharann rabharta gan rac.
    31. Thig dhá rabharta fá rac agus cá dtig rac gan rabharta
    32. Ná chuirinn mo bhó un aonaigh agus í a dhíol ar chúig púnta oir agus dhá phunta airgid. Dá uinrighinn an tairgead agus dá nólann an tór goidé sin do’n té sin nach nbaineann sin dó.
    33. Is minic a théid an ceart thar an neart.
    34. Ag cur tuighe na natha ar an mhuilleann (ag deanamh rud nach bhfuil moran céille leis)
    35. Tá measaracht ar gach rud má’s é ithe an bhrachain féin é.
    36. Seachan a chionn agus buail a mhuineal
    37. Cé nach nglacann comhairle glacadh sé comhradh
    38. Is glas is fiú do é.
    39. Tiocfaid an tanas ar an earrach.
    40. Is cleasach an peata an saoghal ná is beag nach mbaineann sé lionóg as.
    41. Tnúith a threabhas (daoine ag coimhalint le ceile, mbun a ngraoithe a cuireas an obair ‘un tosaigh).
    42. Nuair atá an cat ar siubhal ta cead rinnce ag na lueógaí.
    43. Diug de’n dair a sgoilteas é féin.
    44. Ní crothnocharan tuisge go deionuighidh an tobar.
    45. Is fairsing dia sa chuniglach (cf. is giorra cabhair de na an doras)
    46. Níor fhan soitheach le cóir ariamh nach gheobhadh sé é sa deireadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Tomais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Eadargóil, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    N. Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Paidí Mór Ó Sléibhín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    A. Ní Cheallachain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann