Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Seanfhocla, Abairteacha agus Ranntaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    11. Níor blas biadh ariamh nar bhlas (an) bás (ní bhlasfaidh an biadh nach inblasfaidh an bás)
    12. Níl caill scéal maith a innse ath-uair.
    13. Bíodh eagla ort agus ní baoghal duit.
    14. Bíonn cosa cruadha ar capaill a gheibhtear ar iasacht (baincear an oiread as is feidir as an iasacht).
    15. An rud nach gcluineann an chluas ní dheanamh sé dadaidh ar an chroidhe.
    16. No Thrí truaighe naoi nuair do chiall (17) (No trI truaighe naoi nuair Toraigh Uaigh agus Árainn. Nuair a thiocadh an cogadh is iad is luaithe a basgfaidhe)
    18. An treas lá de ghaoith adtuaidh bealach mór isteach go hUaigh (Uaigh, oilean mara. Bhéadh pásaid isteach ann agus gcionn na dtrí lá agus an ghaoth adtuaidh)
    19. Ní bhíonn donán dortach (ní bhíonn moran aige le tabhart uaidh)
    20. Tiocfaidh an lá gan an sméar
    21. Goile mór agus beagan lóin
    22. Ní fín scéal gan ughdar.
    23. Níor bhris focal maith beal duine ariamh.
    24. Ní thuigeann an sáthach an seang agus ná thuigeann féin ní in am.
    25. Beal druidte agus cionn críonna
    26. Níor mhaith liom a ghaoth a theacht ‘no chomhair (níor mhaith liom baint ar bith bheith agam leis)
    27. Ceann confas ar maidin earraigh agus lá maith ó sin suas.
    28. “Nuair a thiocfas an samhradh deanfaidh mé teach. Nuair a tainic an samhradh goidé an mhaith damh agus mo theangaidh amuigh le teas” (An Madad Ruadh)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Tomais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Eadargóil, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    N. Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Paidí Mór Ó Sléibhín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    A. Ní Cheallachain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann