Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Mar a Tháinig an tAinm ar Loch Béal Séad”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá oilean ar Loch Beal séad agus chualadh mé m'athair á rádh go bhfuil croc óir ar an oilean. Chualadh seisean á athair féin gha innse agus seo an doigh á dtainig an sgéal.
    Bhí fear in Eadhar gabhail am amhain agus bhí cráin muice aige. Bhí sí ar bhealach banbhain a bheith aice agus tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag éirigh dorcha thainig bean beag ruadh isteach un toighe chuige agus d'innis sí do nuair á bhéadh na banbhain ag an cráin go mbéadh cionn acá dubh agus é an cionn dubh a thabhairt leis siar go bruach Loch Beal Seadh agus téine a dheargadh ar an cladach agus an banbhan á rosadh ar an téine agus go rabh cat mór dubh istuigh ar an oilean agus nuair mhoitheachadh sé an boladh go dtiocadh an cat amach, agus cead aige sean an gunná á bheith réidh aige agus sgaoileadh leis an cat agus múr marbadh seisean an cat go marbadh an cat eisean. Rinne an fear mar d'iarr an bhean air acht nuair á thainig an cat amach, leis an droch-chumá á bhí air ghlac an fear bocht eaglá, agus bhain sé an baile amach ins ná fatá fásaigh agus d'fhág sé an cat agus an croch óir annsin agus creidhim gó bhfuil siad annsin go fóill. Sin an doigh a bhfuair Loch Beal Séadh á ainm.
    Maighreadh Ní Chreag á scríobh síos. 14 Iúil 1935
    A hathair Manus Ó Creag | 55 bliadhain
    Corr ná bfiadh á d'innis
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Loch Béal Séad, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Maighreadh Ní Chreag
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Manus Ó Creag
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall