Scoil: An Clochar (uimhir rolla 14705)
- Suíomh:
- Cill Bharrainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mother Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar
- XML Leathanach 300
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bliadanta ó shoin nuair a bhris an galar dubh amach in Éirinn rinne an aicíd sgrios mhór.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ocras an domhain air, bhain sé amach an chisteanach, agus tharraing chuige sgála bréagh brachain. Nuair a tháinig an cócaire isteach agus chonnaic an spioraid thuit sé i luige i lár an urláir.
Tugadh aire mhaith do Sheán agus níor b’fada go bhfuair sé biseach. Bhí gach uile duine go maith sin dó gur fhan sé istigh i dteach na mbocht ar fadh. I gcionn tamaill fuair sé posta a roinnt na móna agus freasdail ar na mucaibh.
Lá amháin bhí sé ag roinnt na mónadh mar ba ghnáthach i seomra na sean bhan. Bhí siad na suidhe thart fan teinidh go fallsach agus nuair a connaich siad Seán nach raibh siad ag brath corrughadh as a bhealach thóg sé bata le iad a sgabadh. Phreab cailleach luaitridh amháin in a sheasamh go dána agus sgairt amach go feargach – “Suidhigidh thart, suidhigidh thart, seo chugainn buitleír “na muc”!
Mhair Seán fiche bhliadhain in a dhiaidh seo, agus nuair a fuair sé bás an dara h-uair, ar eagla go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ánna Ní Laochraidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall