Scoil: Naul (uimhir rolla 1170)
- Suíomh:
- An Aill, Co. Bhaile Átha Cliath
- Múinteoir: C. Mac Fhíonntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naul
- XML Leathanach 92
- XML “Pisreogaí Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caithtear an maide briste indiaidh duine ag dul a d'iasgaireacht, ag dul ar turas do nó i gcionn rud ar bith mór-chúiseach mar sin le hádh a chur air.
Tá sé mío-adhmhail bean ruadh a chastail ort agus tú ag dul a d'iascaireacht nó 'un aonaigh agus tá an cás i bhfad níos measa má tá sí costarnocht.
Ma chíonn tú cabaire sin brón, dhá chabaire cómhartha athais, trí cabaire bainfhéis, agus ceithre cinn breith.
Nuair bhíthi ag deanamh grudaireacht chaithtí gloine don phóitín amach doras cró na stilleadh chuig na daoine beaga sul a nolthai aon deor de.
Na buail an féar glas ar an talamh le bata ná má buaileann tá tú ag bualadh na ndaoine maithe.
Chaith an chead cuid den tsíol ó thuaidh thar an ghualainn clé.
Má chromann duine faoi chrann no bata le faghail thareis ní eireochaidh tú níos mo caithfidh tú dul arais ar lorg do thóna leis an gheis a briseadh.
Gnás atá in aiteacha go foil uisce coisrictha a chath amh ar an eallach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Neans Ní Chealachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall