Scoil: Naul (uimhir rolla 1170)
- Suíomh:
- An Aill, Co. Bhaile Átha Cliath
- Múinteoir: C. Mac Fhíonntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Sean-Nósanna - Nósanna ag Baint le Oíche Cinn Féile
“Oidhche Féil Brigde”
Sean Nósanna
Nósanna ag baint le oidhche Cinn Féile
1.Oidhche Féil Brigde
Ar an oidhche seo gheibhtear cliabh, cuirtear sop luachair i dtósan an cléibh, agus cuireann gach aon duine de bhunadh an toighe ball da chuid éadaigh isteach sa cliabh fosda. Téidheann bean an toighe nó an cáilín is sine sa teach amach go dtí an doras cúl agus an cliabh léithe eadar a dá láimh. Scairteann sé dhá uair; Gabhaigid ar mbur nglúna, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid". "Sé beatha," a freagrann a bhfuil istigh. "Gahaigidh ár mbur nglúna, fosglaididh bhur súile agus leigidh isteach Brighid Beannuighthe,"adeir sí an tríomhadh uair.
"Sé beatha na mrá uaisle," freagrann bunadh an toighe. An té atá amuuigh tig sí isteach annsin agus éirigheann muinntir an toighe na seasamh indiadh tamall téidheann sí amach arais agus beireann sí isteach an luachair. Toisigheann gach aon duine ag deanamh "Cros Brighde," agus bithear ag coimhlint le cheile go bhfeictear cé is blathmhara a gníos Cros.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Neans Ní Chealachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall