Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Cé mo chreach is mo chás gan mise is mo grádh ¶ Ar mhulllaigh cnocán 'nár n-aonar.”
Fear ó'n sliabh amuigh (Cnoc Maol Domhnaig) a bhí oidhche le bean ó Liosmóire agus thuit sé i ngrá léi. Cé mo chreach is mó chás gan mise is mó grádh
Ar mhullaigh cnocán nár n-aonar.
Níorbh fada an lá dó bhéadh fada gus breagh
Ach go mbéadh ag amharc ar chlár a h-éadan.
(2)
Póg is míle grádh agus bannaí bog a lámh
Sé d'fhiarrfainnse in áit spré léi
Ach an bhean atá mo chnádh
Nár mhúsglochainn mo chás nár thagainn slán ón game úd
(3)
Mar is cor dom a m'aoin
Go bhfuil fear, beir do shuidhe
Go bhfuil airgead buidhe 'na bpóca, go mbéadh maitheas, maoin
Capaill meara gcroidhe le ba searca ar mhaoil an tsléibh amuigh.
(4)
Manam trúill mé mise im chill
Gan súl, gan greann, gan meidhir
Mar marbh tsúil le taoide gnádha mé
Táim tinn agus caithfidh mé luighe.
(5)
Ní fíon ná méidhe ab bhfearr liom
Ach tusa dul im bhfeighil, sé dfanainn é do leigheas
Agus is dóigh liom go bfuighinn mo shláinte.
(6)
Tá an lá dul I bhfad s an ghrian a'dul i dteas
Gur mithid dúinn nár fhurasthaig (?)aoinne
Nú go ndéigheann donaon ó dheas
Mise is mó shearc is a h agaidh ar dath na gréine
Mar is cruaidhe í ná stíl, ní clochach cruaidh a croidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)