Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 249
- XML (gan teideal)
- XML “Is Mór an tIontas na Cnoic seo i bPort Láirge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Cé mo chreach is mo chás gan mise is mo grádh ¶ Ar mhulllaigh cnocán 'nár n-aonar.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chorruig suas do chroide a spéir bhean
Tá cúl daithte mar an oír
Agus gur milse liom a póg
Ná an siuicre is milse ar Bhórd in Eírinn
Dá bhfuighinnse cailín deas
Do shuidfeadh síos lem ais
Ní éireothainn amach in aon chor.
Chuirfinn síoda uirthi mar bhrat; bróg árd is gúna breac
Clúdóchainn go deas dá reír í, le ribín is high cawl cap
Clóca den scarlet ceart agus aprún den cirtean céímreach.- "Cnoc Maol domhnaig amuigh i bhórd Árdaig
Baile na Sagart a'dól a shláinte
Tailliúr i mbéal muice ag imtheacht ar fud snaide""Chonnaic mé Cnoc Maol Domhnaig, lán do gamhna, maidin domhnach Caoga
Agus Cnoc na Síogha lán de chaora maidin anbhinn áluinn."Seo ceathramha go bhfuil ainm gach bhaile tuaithe inaice na Leasa Móire luaidhthe ann.
Bail' Finn faoi luighe gréine
Bun a' tairbh an baile gan éifeacht
Gleann seascadh na seafaidí caola
Carraig na ngabhar na gabhair a'béiceadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)