Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ba leis an tighearna Devonshire an sliabh úd Cnoc Maol Domhnaigh agus bhíodh roinnt maor aige ar an sliabh agus sé an gnó a dheinidís ná aire a thabhairt don "game".”
.....Choimeádadh muinntir na h-áite caorach ar inbhear ar an sliabh agus bhí ar na maoir sin uimhir na gcaorach a bhíodh ag gach duine do chomháireamh agus aoinne a bheadh ad iarraigh caoirigh sa bhreis do chur ar inbhear innti nó aoinne a bhéadh ad iarraidh teacht trasna gan aon chíos a dhíol ba ghnáth leis na maoir tuairisg na ndaoine sin do chur isteach go dtí an caisleán, go dtí fear ionad a'Tighearna, mar a bhainidís cáin díobh nó mar a deineann muinntir na h-áite féin. Bainis scot asta. scot=cáin. De shliocht Mongáin b'eadh an maor ins an am so - timcheall ceithre ficead bliain ó shoin - agus pé tuairisg a chuir sé isteach ar an bhfile gearradh £7 de cháin air. Sgríobh an file aor annsan ag cáineadh an mhaoir. Measaim gurab é Seán Ó Muirgheasa a cúmh é ach níl muinntir na h-áite ró-chruinn fé ainmneacha agus cuireann siad an abairt seo i leith an duine siúd agus gan aon ughdarás acu cuige in-aon-chor. Seo mar thá sé dáltha gach phíosa tá sa leabhar seo ach go háirighthe do an tslighe 'nar aor sé an Maor:- A Phádraig na Lúb, guidhim tuars ort is díogh'
Giolla gráinne na cruite is na huiscidí buidhe
Nár mhairir go Samhan
má's tú 'o sgaoil an gníomh
Ach a'díol a bheith a'teireach go héasga sa tslighe.
II
Lannaim mar ghrásta ar mo Shlánuighteoir mhór
Mongáin ná Pádraig ná fágaidh sé buan
Ach liútar á pleascadh le faobhar sa gcluas
Is go h-ifreann craosach guidim féin iad chun suain.
III(leanann ar an chéad leathanach eile)