Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé Cathair na Léige ainm na h-áite ina bhfuilim im chónaí. 'Sé an brí atá leis an ainm seo ná áit a bhí ag dul in olcas uair éigin fadó. Tá alán ainmneacha eile ar áiteanna áirithe go mór mhór ar na páirceanna mór-thimpeall na dúthaigh. Tá páirc ar eolas agamsa agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Claise. Do bhí dígh mór ann fadó agus sin é an cúis go dtugtar an ainm sin air.
'Sé an ainm atá ar páirc eile ná Páirc an Tobair. Tá tobar ann go dtí an lá inniú. Tá Páirc an Tighe mar ainm ar páirc eile. Do bhí tigh ann fadó ag cailín darbh ainm di Peig Riobáird.
Gairid don tigh-se tá páirc mór ann agus sin é an chúis go dtugtar an Páirc Mór uirthi. Tá páirc linne gairid don abhainn agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na bhFothraigh. Do bhí tigh ann fadó agus tá na fothraigh ann fós.
Tá Páirc an Cairéil mar ainm ar páirc eile. Tá Cairéil mór ins an bpáirc sin. 'Sé an ainm atá ar páirc eile ná Páirc an Leasa. Tá lios mór ann. 'Sé an Carraigín atá mar ainm ar áit eile mar tá alán carraigreacha ins an áit céanna.- Bailitheoir
- Pádraig Teidhirs
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair na Léige, Co. Phort Láirge