Sean-Phósdaí
Bhíodh fear éigin i ngach ceanntar a mbhíod taithighe aige ar daoine a thabhairt le ceile cun cleamhnas no pósadh a dhéanamh eatorra. Saghas céirde ag daoine airighthe ba ead i seo.
Chuireadh an duine seo aithne ar fear óg go mbíod feirm aige agus bean ag teastáil uaid, agus ar chailín óg éigin go mbíodh spréidh oireamhnach aicí. Theigeadh sé cun cainnte leis na seandaoine agus thugadh sé le na chéile iad. Sin mar a déantaoi an cleamhnas fadó, agus ba iad na seandaoine a dhéineadh é. Thugadh muintir an cailín spréidh do mhuinthir an bhuachalla agus geibheadh an buacaill an feirm agus an cailín mar mnaoi. Ba minic na bíod áit ag an mbhuachaill 'ná ag an gcailín ar a chéile go mbíodh an cleamhnas socrair eatorra.
Dar ndóig bhíodh daoine bochta gan talamh, gan spréidh ann agus dhéinidís siud Cleamhnas eathorra
(leanann ar an chéad leathanach eile)