Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bíonn ciorcal mór-thimpeall an ghealach deirtear go mbeidh fearthainn ag teacht.
Nuair a bhíonn scamaill duha insan spéir deirtear go mbeadh fearthainn ag teacht.
Nuair a bhíonn an gealach leath-báite beidh fearthainn againn.
Nuair a bhíonn an torr-iasc ag an uisce is comhartha fearthainn é.
Nuair a bhíonn an ceo ar an mbóthar ag eitilt leis an gaoth deirtear gur comhartha fearthainn é.
Nuair a bhíonn an spéir dearg ar maidin agus nuair a bhíonn na fáinleoga agus na préacháin ag eitilt go h-íseal, beidh stoirm ag teacht.
Nuair a théigheann an gaoth go dtí an taobh thuaidh beidh sioc ag teacht.
Taobh theas fearthainn.
Taobh thoir sneachta.
Taobh thiar stoirm.
Nuair a bhíonn an spéir dearg insan tráthnóna agus nuair a bíonn sí luath ar maidin beidh aimsir breá ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge