Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oíche mór ghrinn is ea Oíche Shamhna. Bíonn suipéar mór i ngach tigh an oíche sin agus deintear bairín -breach i gcóir an suipéir agus cuirtear alán nithe isteach ann, mar atá fáinne, ceirt mearachán, píosa lasán, cnaipe, leath-raol nó raol. Bíonn gach éinne ar cipíní féachaint cad a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cuardaigh ná fonn ithe a bhíonn ortha, go mór mór ar na daoine óga. An duine a gheibheann an fáinne is é nó í is luaithe pósta; an té a gheibheann an méarachán nó an cnaipe is táilliúr a pósfaidh sí; an duine a gheibheann an t-airgead beidh saibhreas aige nó aici.
Tar éis an tsupéir cuirter tubán lán de uisce i lá an úrlár sa chistin agus cuirtear alán úill isteach ann agus bíonn gach duine ag iarraidh úl a thógaint amach as an tubán lena bhéal gan lámh a chur san uisce ná san tubán. Uaireantacuirtear airgead ar tóin an tubáin agus ansan bíonn ana-spórt ar fad ag féachaint ar na buachaillí ag tumadh a gcinn san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Éilís Ní Chadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge