Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
- XML Leathanach 110
- XML “Áitainmneacha - Fothrach an Chnoic Bhuide”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Áit-Ainmneacha"
Fothrach an Cnuich BhuideFothrach seana-shéipéil í seo, agus tá sí an-aosta. Istigh sa roilig atá sí, agus tá na fallaí i n-a seasamh fós. Tá cúig nó sé dhe chlocha ós cionn na bhfuinneóg agus ogham craobh scribhte ortha. Tá an dáta 470 ar cheann de sna dóirse ann. Tugtar teampall Naomh Seiscreán air uaireanta. Tá tobar gairid do'n teampall a dtugtar "The Bittern Well" air, ach ní cuimhin le h-aoinne atá beó anois an ainm a bhí air i nGaidhilg. Scéal eile mar gheall air aríst: gurabh é rud atá ann ná Seisc Fionáin, agus gur Fionán a bhí air an bhfear a thóg an teampall. Seiscreáin atá ar an bparóiste Ainmneacha eile air Sliabh gCua, agus Tuar-an Fhíona- "Seskinane" ata air sa mbéarla. Tá an fothrach ar thalamh Thomáis Uí Ghlaisín sa Chnoc Buidhe, timcheall míle ó Chrosaire an Bhéaraigh ar an mbóthar ó Dhúngarbhan go Cluain Meala. Tá bóithrín ag dul isteach ann gairid do thigh Thomais Uí Glaisin; bóithrín an Teampaill a tugtar air.Eilis Ní Chadhla
Buaile MhointinFuaras an sgeal so o-
Caith Breathnach- Bailitheoir
- Eilís Ní Chadhla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Cáit Breathnach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge