Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach (uimhir rolla 9889)

Suíomh:
Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Séamus Ó Banáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 48

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 48

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach
  2. XML Leathanach 48
  3. XML “Tobar Máigh Dheilge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Máigh Dheilge.
    Tá tobar beannuighthe i Máigh Dheilge timcheall leath-míle ó dheas ó'n séipéal. Bhíodh an domhan de dhaoine ag tabhairt turus ann go dtí tamall beag de bhliadhanta ó shoin. Lá an Phárúin is mó a theighidís ann. An 15adh lá de Luighnasa a bhíodh an pátrún ann, agus lá'l Muire Máigh Dheilge a thugtaí air sa dúithche seo. Daoine a mbíodh an radarc ag imteacht uatha, nó aon galar mar sin ag gábhailt dóibh téighidís dtí an tobar, agus tugaidís turus ann agus deirtí go leighistí go leór ann. Bhí oifigeach airm 'na comhnuidhe gairid do'n áit sin, uair (agus tughaidís turus ann) agus Sasanach ba eadh é. Bhí árd capall aige agus pé rud a tháinigh air, d'imthigh sé caoc. Thairig sé deich bpúnt d'fear a bhí aige, ach an capall a thabhairt leis. D'eitigh an fear é, agus bhí fear eile ag obair aige agus dubhairt sé go ndéanfadh sé féin é . Thug sé an capall chun an tobar agus thug sé an turus leis. Leighiseadh an capall, agus chuaidh an fear abhaile in a dhall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Banáin
    Inscne
    Fireann