Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach (uimhir rolla 9889)

Suíomh:
Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Séamus Ó Banáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 47

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 47

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach
  2. XML Leathanach 47
  3. XML “Scéal Eile ar Nóra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Eile Ar Nóra.
    Bean eile a bhí ann agus fuar a fear bás. Dubhairt sí go raghadh sí go dtí Nóra, féachaint an raibh aon "fhios" aici, mar a leigeadh sí uirthi. "An bhfeicheann tú Seán bocht ar aon chor nó ní fheadair conus atá sé ?" ar sí sin. "O'se ambasa cím,"arsa Nóra. Thiar ar fad ar deire a bhíonn sé, mar tá stocaí briste air", ar sí sin. Chuaidh an bhean abhaile, agus d'innis sí do bhean desna comharsain mar a dubhairt Nóra. "Agus anois", ar sí sin cnoitfálaidh an beirt againn peidhre stocaí, agus tabharfaimíd do dhuine bocht éigin ar Son Dia agus le n'anam iad.Beidh fhios againn annsan ma's ag stealladh éithig atá sí. Dheineadar na stocaí agus thug bean Sheáin d'fear bocht ar son Dia is le n-anam iad. Chuaidh sí go dtí Nóirín annsan. "An bhfaca tú Seáin le déanaí?" ar sí sin. "Go deimhin féin, chonnaic mé," arsa Nóra, agus 'sé tá go taidhbhseach, agus peidhre breágh stocaí nua air. Tá sé i measg na bhfear anois, agus is orm atá an áthas", ar sí sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Banáin
    Inscne
    Fireann