Mairín Raindí. Bhíodh bean bocht ag bailiú déirce sa dúithche seo fadó, agus sé ainm a thugaimís uirthi na Máirin Raindí. Bhíodh gearrchaille beag d'inghean dí ag imtheacht le n-a cois. Seo mar deireadh sí nuair thagadh sí go dtí dorais. "Aoinne a thabhairfeadh déirce dúinn, a Mháirín, go n-árduighidh Dia suas isna Flaitheas é agus aoinne ná tabhairfeadh, go n-ardhuighidh Dia suas isna Flaitheas é--agus go bplabaidh sé anuas aríst é".
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »