Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach (uimhir rolla 9889)
- Suíomh:
- Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Séamus Ó Banáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Gearaltaigh.
Bhí beirt desna Gearaltach i Maigh Dheilge fadó; gabha ba eadh duine acu agus feirmeóir ba eadh an duine eile. Bhídís ag cur ar a chéile i gcomhnuidhe feuchaint ciacha fear ba laidre. Bhí an gabha ag obair sa cheardcha 'lá, agus gaibh an fear eile an tslighe ar mhuin capaill. Stad sé leasmuigh agus tháinigh an gabha go dtí an dorais. "Tabhair amach spréid cugham a cuirfidh mé ar mo phíopa", arsan fear amuigh. Leag an gabha spréid ar an inneóin, rug sé ar shoc na h-inneóin agus shin sé anáirde cun an fir eile é. "Seo !" ar séisean. Rug an fear eile ar an inneóin as a láimh, agus d'iompuigh sé an spréid anuas ar an phíopa. Shín sé an inneóin thar n-ais cun an gabh'. "Go bhfágaidh Dia do shlainte agat !", ar seisean.- Bailitheoir
- Séamus Ó Banáin
- Inscne
- Fireann