Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach (uimhir rolla 9889)
- Suíomh:
- Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Séamus Ó Banáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i pbaróiste Maigh Dheilge, agus Nóra an ainm a tugtai uirthi . Bhí sé amuigh uirthi go mbiodh sí ag imtheacht leis na daoine maithe : as d'admháladh sí féin go bhfeiceadh sí iad . Bhí sagart paroíste ann an uair sin agus chuaidh sé go dti Nóra ar mhuin capaill lá, agus é ar buille . Dubhairt sé leí gur bheag a chuirfheadh d'fhiachaibh air í d'fhuipeáil mar gheall ar na rudaí gan áird a bhíodh a bhíodh ar siubhail aici.' Fan annsan néomant , a Athair, agus ' spáinfidh mé duit iad" ar sí sin . Níor dein sí ach dul isteach agus teacht amach arís ' lompuigh i leith do chúil anois, a Athair" ar sí sin. D'iompuigh ; agus sé rud a chonnaich sé , nó ná feacaidh , níor chuir sé cnuig as , ach bhuail sé stiall den fhuip ar an gcapaill is as go bréagh leis abhaile chomh mear is ab ' feídir leis an gcapaill bóthair a bhualadh.
- Bailitheoir
- Séamus Ó Banáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)