Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mo Cheantar Féin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá comnuidhe orm i gCnoc na bPaorach agus i bparróiste Coillegáin. Bhí ocht deighche is fiche ann fadó níl ann anois ach cúig cinn déag. Ta tuighe ar deich gcinn agus slinn ar cúig cinn. Neanagáin an ainm is coitchianta ann. Baisteadh an ainm sin ar an áit mar Paoraigh an ainm a bhí ar na daoine go léir a chomhnuigeadh ann fadó. Tá ceathrar daoine ós chionn 70 bliadhain ann. Tá Seán O'Neanagáin, Cnoc na bPaorach, Coillegán, Dúngarbhán, ábalta sgéal d'innsint i nGaedilg. Tá a lán fothrach tighe ann. Ba ghnáthach Dá' lán daoine dul go America ón áit seo. Ní raibh ainm na h-áite in aon amhrán ná i sean-rádh riamh. Tá talamh maith saidhbhir cuireadóireachta agus cuid de in-a phortach ann. Tá abha Coillegháin ann ach níl aon loc ann.

Bailitheoir
Peigí Ní Deimhnis
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Séamus Ó Deimhnis
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
71
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach