Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Tá liosanna i gceanntar na scoile seo.

Tá liosanna i gceanntar na scoile seo. Tugtar liosanna fós ortha. Tá cuma cruinn ortha. Do cuaidh fear isteach i lios. (?)obh tríd an poll a bhí 'na lár. Do chonnaic dá luch bán. Tháinig mí-ádh air in 'na dhiaidh sin. Do dhein na sidhthe na liosanna dar le na daoine. Do bhíodh nn(?) ag na sidhthe i ngach feirm fadó.
(?)ar dá mbeadh aoinne ag cur isteach ortha bheidis ábalta an sgeal do chur in gach cheann díobh. Do bhí lucha le feiscint timcheall ortha. Níor threabhad aon lios riamh, mar bhí eagla ortha roimh an mí-ádh. Tugtar cliotracáin ar na sidhthe uaireannta.

Bailitheoir
Cáit Ní Dúnfúrtaigh
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
63
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge