Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cúl na Sméar, Dúngarbhán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Bhí stoirm mór ann sa bhlian 1881.

Bhí stoirm mór ann sa bhlian 1881. Nuair a chonnaic na daoine na scamaill an-dhorcha bhí fhios acu go raibh stoirm ag teacht.

Do leag sé tighte is do leag na barra uatha. agus do leag sé leath des na chrannaibh i gcoill Coilleagán. Do chuir sé a lán bád ar scaipeadh sa bfairrge.
Bhí Oidhche na Gaoithe Móire sa bhlian 1839 agus do marbhuigheadh mórán bhó agus caoire. Do bhí tóirneach agus teinntreach ann sa bhlian 1930 agus do mhairbh sé cúig chinn de buaibh le Tomás O Dathaill Cill-na-bFraochán.
Bhí bháisteach trom ann sa bhlian 1926 agus bhí tuilte troma ann ar feadh dhá lae.
D'éiríg an fhairrge agus do chuaidh sé tar Droichead Baile an Fhaoitigh. Bhí na bóithre ghearrtha leis.

Bailitheoir
Máighreadh Ní Morónaigh
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Séamus Ó Morónaigh
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
63
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge