Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Nuair a bhíonn na h-éin ag eitilt ós íseal san Samhradh sin comhartha fearthainne.

Nuair a bhíonn na h-éin ag eitilt ós iseal san Samradh sin chomhartha fearthainne agus nuair a bhíonn siad ag eitilt go h-ard sin chomhartha aimsir breághtha. Casann an chat a aghaidh ón dteine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht. Bíonn na ba go léir in a luighe i lár na páirce sar a thagann an tóirneach. Nuair a theigheann ceó (?) go h-ana árd leis an ngaoith sin chomhartha fearthainne. Bíonn glór mór ón abhainn nuair a bhíonn fearthainn ag teacht.

Nuair a theigheann an deatac síos go dtí an dtalamh sin chomhartha fearthainne agus nuair a thuiteann an siút síos in a gcnapóga sin chomhartha fearthainne leis.

Bailitheoir
Cáit Ní Dúnfhúrtaigh
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
63
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge