Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)
- Suíomh:
- Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a bhíonn na h-éin ag eitilt ós íseal san Samhradh sin comhartha fearthainne.”
Nuair a bhíonn na h-éin ag eitilt ós iseal san Samradh sin chomhartha fearthainne agus nuair a bhíonn siad ag eitilt go h-ard sin chomhartha aimsir breághtha. Casann an chat a aghaidh ón dteine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht. Bíonn na ba go léir in a luighe i lár na páirce sar a thagann an tóirneach. Nuair a theigheann ceó (?) go h-ana árd leis an ngaoith sin chomhartha fearthainne. Bíonn glór mór ón abhainn nuair a bhíonn fearthainn ag teacht.Nuair a theigheann an deatac síos go dtí an dtalamh sin chomhartha fearthainne agus nuair a thuiteann an siút síos in a gcnapóga sin chomhartha fearthainne leis.- Bailitheoir
- Cáit Ní Dúnfhúrtaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge