Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Teigheann(?) na géana fiadhaine agus na cuirlúin isteach san bhfairrige nuair a bhíonn droch-aimsear ag teacht.

Nuair a bhíonn na ba agus na chapill cois claidhe(?) sin chomharta fearthainne agus nuair a bhíonn siad amuich i lár na páirce sin comhartha aimsir breághtha.
Nuair a bhíonn an ceó ag éirighe des na thairibh san Samhradh sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíonn an deatach ag dul díreach go dtí an spéir sin comartha aimsir breághtha. Nuair a luigheann sé ar an dtalamh sin chomharta seaca.
Nuair a bhíonn an súit ag tuitim síos ar an dteinteán sin comartha fearthainne.
Bíonn dath gorm ins an dteine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht agus uaireannta bíonn smearhóidí beaga ar na chorcáinibh.

Bailitheoir
Peigí Ní Deimhnis
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Séamus Ó Deimhnis
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge