Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)
- Suíomh:
- Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Mhathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn
“Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí.”
Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí. Dubhairt an rí leis féin nuair a bheadh sé thuas ar an dtig go dtógadh sé an adhmaid a bhíodh fé agus annsan tuiteadh an Gobán Saor anuas. Annsan ní bheadh sé ábalta aon tig eile a dhéanamh comh deas le tigh an Rí.
Bhí fhios ag an Gobán Saor ar an rud sin. Dubhairt sé go raibh rud éigin ó a bhean agus do chuaidh an Rí chun é dfhághail. An fhaid is a bhí sé imthighthe tháinigh an Gobán Saor anuas. Dúbhairt an bhean leis an Rí a cheann do chuir isteach san mbosca mór a bhí sa tig. Do chuir sé. Annsan dhún sí an clúdach. Dhein an Rí geallúint ná dhéanfadh sé aon rud don Gobán Saor.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Dúnfúrtaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge