Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag seo Faorsidín do cheap Séamus Paor (Séamus na Srón) Cnoc Buidhe file agus é ag fáilt bháis i nGréig na nGabhar le h-ais Baile Mhis Cairbre. Bhí an file seo lá ar cuaird ag tigh gaol do i.e. Éamonn Ganncach Ó Gleann na h-Uidhre. Do cuireadh srian agus diallait ar an gcapall is fearr a bhí i dtigh Éamonn chun éthabhairt ar iasacht do Shéamus chun dul sa bhfiadhach i bhfocar na n-uaisle. Do rug Séamas ar eirbeall an chapaill agus bhí sé á infhiúcadh ar feadh tamaill maith. B'ait le Éamonn sin agus chuir sé ceist ar Séamus cén fáth go raibh sé ag tabhairt eirbeall an capaill fé ndeara.
"Ní fheactair ar fhiacla an each a bhronntar" arsa Séamus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge