Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Caoineadh Mháire Ní Dongáin ó Chaisleáin an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé caoine a dhein bean ó Chaisleán t-sléibhe gurbh ainm di Máire Ní Dhongáin. Is amhlaidh d'imigh an t-aon driotheár amháin a bhí aici. Gabha ba eadh é agus thug sé aghaidh ar bhun Abha Bhrighde agus tar éis tamaill do phós sé ann agus do bhí ag obair leis na chéardchain. Ach de réir gach dealramh ní raibh mórán cheana ag a bean air.
    Bhíodh Máire, an deirfiúr, i gcónaí ag cur a thuairisce, ach ní fuair sí aon scéal air ar feadh na bliadhanta. Fé dheire do bhuail fear déirce chuichi agus d'inis sé do go raibh an driotháir ina chónaí cois bha Bhrighde gus ná raibh a saol ar a thoile aige, de cionnta a mhná. D'éirigh Máire agus dúirt sí go raghadh sí go dtí é. D'imigh sí léithe siar ar fad di shiúl a cos gur tháinigh sí cóngarach do áit cónaithe a driotheár. Chuaidh sí isteach go dtí tig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Barún
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cnoc Buí, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Cadhla
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge