Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Caoineadh Bhríghid Ní Mhuirgheasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí iníon ag Seán Ó Muirgheasa ón gCeapaigh gurab ainm di Brighidh. Bhí sí réidh chun a pósta le feirmeoir a bhí ins an áit, ach gur bhuail slaghdeán millteach í agus fuair sí bás; ach d'uachtaigh sí í do chur i reilig Tuar an Fhíona agus áit nua do thógaint ann di. Níor thaithnigh sé sin lena muintir, go mór mór le colceathair a athair di a bhí ina chónaí i nGleann na nÉin. Chuaidh sé siar go dtí an tórramh agus nuair do shrois sé an áit d'innseadh dó go raibh sí le chur i reilig Tuar an Fhíona níor thaithnigh san leis agus dúirt sé nárbh ceart go mbeadh sí ag tréigint a muintir agus a sinsear a bhí curtha i reilig an Chnoic Buí. Chuaidh sé isteach go dtí seomra an tórramh agus dúirt sé an caoine seo leanas :-
    Má théinn tú amárach go gíard Tuar an Fhíona
    Garbh timpeall go dtí an mBuí Cnoc
    Nach fear Fionn a úmhalácadh síos duit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Scelton
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    An Máistir Scoile
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge