Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Na Teampáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina chónaí i gCill Cianagh uair amháin. Cian na mBeann Óir an ainm a bhí air. Draoi dob eadh é agus fear fial flaithiúl dob eadh é. Níor lig sé aoinne riamh óna thig gan bia.
    Lá aqmháin nuair ná raibh sé sa mbaile tháinigh triúr stránséirí ag fiadhach sa Cill Cianagh. Nuair shroiseadar tigh Cian d'iarradar deoch d'fhághailt. Thug bean an tighe an deoch dóibh agus d'iarr sí ortha fanacht sa tigh chun an dinnéar. Níor fhan siad chun a ndinnéar. D'imíodar leo.
    Nuair tháinigh Cian abhaile d'innis a bhean chéile dó mar gheall ar na stráinséirí. Bhí Cian ar buile. Lean sé iad agus tháinigh sé suas leo. Bhuail sé le slaitín draíochta iad agus dhein sé clocha dóibh agus dhein sé an cleas céanna leis na gadhair a bhí aca.
    Na Teampáin a tugtar ar na clocha sin agus tugtar Réidh na dTeampáin ar an áit ina bhfuil siad. Nuiar chuireas ceist ar a lán daoine ó Réidh na dTeampáin mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 13
    Seoladh
    An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Tóibin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge