Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Sprid Bhearna Gaoithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá Sléibhte na Chomaraigh ar an taobh thoir de Chillbhriain. Suidhe Fionn an bior is aoirde ionnta. Tá mórán locha ionnta agus tá radharc álainn ó Sléibhte na Chomaraigh. Bhíos thuas ar Suidhe Fionn uair ag caitheamh lá saoire.
    Tá bóthar árd i Sléibhte na Chomaraigh agus tugtar Bearna Gaoithe air mar nuiar a thagann an gaoth scuabann sé an bhearna go mear. Bhíodh sprid ann fadó. Do dhin an sprid rudaí úfásach nuair a bhíodh sé ann. Na daoine ag dul tríd an bhearna san oíche tháinigh an sprid orra. Aoinne nár thug freagra dó ar an nóimint mharbh sé é.
    Uair amháin bhí mangaire éisc ag teacht ó Dúngarbhán tríd an mbearna agus bhí sé in am marbh na h-oíche. D'éirigh an sprid as díg ina choinne. Bhí eagla ar an mangaire agus labhair sé leis ar an nóimint. Ansan dúirt an sprid leis "Marach gur labhair tú go raibh deire leat agus cé go raibh an misneach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Fhreachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Floinn
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge