Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Na Conghairighigh ó Bhoth an Dúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá Baile Fearann ar a dtigtar Both a' Dúin ar an dtaobh theas de'n scoil seo. Tá sé trí mhíle ón scoil. Cialluiheann an focal Bothadúin - an bothán (nó tigh beag) atá in aice an dún.
    Tá aithne agam ar a lán daoine i mBothadúin : Tomás Connail, Pádraigh Ó Dughbháil, Seán Ó Crotaigh agus Domhnall Dúnúrthaig. Níl aoinne ann darbh ainm Conarighigh anois ach bhí na Conairighigh ann 150 blian ó shoin.
    Bhí feirm ag na Conairighigh. Bhí beirt driothár aca ann, Seán agus Séamus. Níl aon tigh ann anois cé go raibh fothrach an tighe ann cúpla bliain ó shoin.
    Dob'éigean dos na Conairighigh daor-chíos a thabhairt do'n tiarna talmhan ach, níos measa ná sin, theastaigh ón tiarna talamh an fheirm do bhaint díobh ar fad. ach ní raibh na Conairighigh sásta an feirm a thabhairt suas.
    Cuireadh na póilíní go dtí an tigh ach níorbh fuirist é sin do dhéanamh,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán de Paor
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 12
    Seoladh
    Gleann na nÉan, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dúnúrtaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Both an Dúin Theas, Co. Phort Láirge