Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá baile fearann ara dtugtar Leacan-Daraigh i bParóiste Tobar an Fhíóna ar taogh thiar den Abha Chuilligán. Is fuiriste é a fheicint ó Chillbriain agus tá sé san Scoil-Ceanntair. Tagann alán scoláirí ó Leacandaraigh go dtí Scoil Cillbrian. Sa slighr céadna tagann alán daoine i bParóiste Tobar an Fhíona go dtí an Aifreann i séipéal i gCillbriain. Tá an scoils agus an séipéal i gCillbhrian níos goire do na daoine i Leacandaraigh ná mar atá an scoil agus an séipéal i dTobar an Fhíona.
Is féidir alán tighthe agus alán feirmeacha breághtha a fheiscint agus Leacandaraigh ón scoil. Tá difríocht idir aon tigh amháin agus na tighe eile. An Lodge a tugtar ar sin. Do thóg an tighearna talmhan darbh ainm Chearnley an Lodge timpeall chéad agus caoga bliain ó shoin. Tháinigh an chéad Chearnley go h-Éireann in aimsir Cromail agus fuaireadar roinnt mhór talmhan ar an cuid oibre a dheineadar ar son Parliament Shasana an uair úd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 13
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Cuileanáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge