Scoil: Gleann Beag, Dúngarbhán

Suíomh:
An Gleann Beag, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Caitlín, Bean an Bhreathnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beag, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill uair amháin.

    Bhí fear ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill uair amháin. Bhí cearr muca aige ag dul go dtí an aonach. In áit áirighthe de'n mbóthar chonnaic sé beirt daoine ag teacht cuige. Beirt beithiúnach a bhí ann. Do stad siad. Rug duine aca greim ar an srian agus d'fhiafruig sé de'n bhfear cad é an t-am é. "Tá sé ag druideadh cun na maidne", arsa a'fear. Léim duine de's na beithiúnaigh suas ar an gcearr.
    Bhí bata draigean dubh ag fear na muca. Níor dhein sé ach beithiúnach a bhualadh síos ar mullach a chinn agus mairbhuigeadh é. Tháinigh eagla ar beitiúnach eile agus rith sé ón bhfear cómh mear agus a bhí aige, Cheap sé gur fear draoideachta a bhí ann. Shrois an fear Eochaill go slán sabhálta an lá san acht muna mbeadh a bhata is docha go bheadh sgeul go h-olc aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Bean an Bhreathnaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Cathain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Baile Uí Ghadhra, Co. Phort Láirge