Scoil: Dún na Mainistreach (C.), Dúngarbhán (uimhir rolla 14100)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chriostóir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sin é amhrán na bPrátaidhe Dubha. Máire Ní Dhroma do cheap é, i mbliadhain a 1850. Bean bhocht be eadh Máire do bhí in a chomhnuidh i bParóiste na Rinne.Bliadhain 1847 do theip na prátaí ar fuaid ne hÉireann. Ar na prátaí be eadh do bhí maireactain na ndaoine an uair sin.
Bhí ar ne feara bochta agus a gclainn dul isteach ins an phúr-habhas. Cibé saghas bídh tugtaí dóibh ann chuir sé galar agus pláig ortha agus fuair na mílte bás leis.
Sin é an uair do thosnuigeadh ag cur na ndaoine i Reilg an tSléibhe. Na daoine a fuair bás an uair sin i bPúr-habhas Dún Garbhán is iad atá curtha ann. Marbh fein ní raibh mheas ortha. Níorbh fiú iad an talamh maith do cur amugha leo act iad do cur mach ar chorp an tsléibhe mar do chuirfidhe an sean-capall nó an beataideach.
Tá Reilg an tSléibhe timceall ceithre míle ó Dúngarbhán ar an mbóthar o'n Rinn go Árd Mór. Níl de aithint reilge anois ann acht an cláidhe atá timceall uirthe agus an chros atá 'na sheasamh 'na lár- Bailitheoir
- Aigneas Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann