Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Lá Fhéile Máirtín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Titeann an féile seo ar an 11ú lá de Mhí Shamhna. Ba bheus coitianta ag an sean dream multachán do marbhughadh i gcóir na féile seo ach i nós go léir dá shórt, bhí an beus seo ag dul in éig de réir na mbliain.
    Ní bhíodh an feoil ró-fliúrseach fén dtuaidh an uair úd agus sainnt-chroí na ndaoine inti.
    Bhí feirmeoir áirithe agus fonn air an sean-nós do thréigint. Chuir a sheirbhísigh a gcinn i dteannta a chéile agus as san a chruthaigh cleas.
    Oíche nó dhó roimh an féile chuaidh duine des na cleasaidh seo an áirde ar shimné an fheirmeora seo ag teacht ar am an codlata.
    Bhíodar tar éis an Paidrín a rá, bhí an seirbhísig agus an feirmeoir agus iad ar an dtinteán ag caitheamh gal. nuair d'aiíodar an glór mí-shaolta, fadálach, ag túirling síos ón spéir tríd an t-simné, á rá ;
    Muna mharbhócidh tú an multachán dubh
    Beidh tú curtha fá bliain ó inniú
    Baineadh preab as an bhfeirmeoir go mór mhór ó leig an dream eile ortha nár d'airighdear dada.
    Cuireadh 'dá chois' an multachán bocht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann