Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 242
- XML “Teach Féile Uí Bhriain - Teach Féile agus Fairsinge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigh Féile - Uí BhriainTig Féile agus FairrsingeSeo tig mór a bhíodh na fearra fáilte roimh gach duine a théigeadh ag triall ann agus ann a bhíodh "lashins agus Lavings" do gach aoinne. I measc an chuideachta an oidhche áirighthe seo bhí fear de'n gcead uair, agus meas as meon aige as thapaidheacht a theangan. Nuair a bhí sé tar éis buille-fá-thuairim do thabhairt ar an méid a bhí láithreach agus tar éis feuchaint do ar an méid bídh a bhí dhóibh, scaoil sé le na theangain mar seo leanas:-
Is minic a d'airigh mé trácht ar thig Uí Bhriain,
As ní rabhas ann riabh dtí anocht.
Acht d'réir mar mheasaim do'n mbradán is do'n bhfiadh
Beidh an dá-thrian go feoil anocht.
Bhí níos mó feóla sa tig nó chonnaic an fear so mar bhí caora mhór dhubh i gcóir chun ithte i gan fhios do. D'airigh fear-a-tighe an iarracht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann