Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair do bhí an capall so thar obair do dhéanamh chuir Seán 'set' cruidhte fé agus scaoil leis ar bhóithre an t-saoil chun bás d'fháil nó maireachtaine do dhéanamh de réir mar a thitfeadh.
Chonaic an gabha an capall ar thaobh an bhóthair lá. Ghaibh sé fé trucaill é agus away leis go dtí an baile mór fé dhéin ualaigh ghuail.
Tar éis casadh don ngabha bhain sé na cruidhte den gcapall agus chuir gadraí fé na chosa agus scaoil leis ar farú.
Bhuail Seán Ó Chuanaigh leis an gcapall lá nó dhó ina dhiaidh sin agus d'aithn. Labhair sé mar seo leis an gcapall :-
An fé gur tú capaillín Seán Uí Chuanaigh?
An capall : Is mé cheana is nach mórán trua mé.
Seán : Ní fherim do cruidhte fút nó a dtuairisc
Is dá mbeadh fhios agam cé bhain díot iad
Do dhéanfainn aor do do scriosfadh an ghruaig de
Mar tá sé scriobhta síos fé bhun do chluaise
Gurb é an fiach dubh do shagart uadhachta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Stúnthóin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Phoill, Co. Phort Láirge