Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Begley ag Díol an Fhéir in Eochaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Cad tá uait ar an bhéir"? arsa an ceannuighthéar.
    "Deich is fichid" arsa Begley
    "Deich fichead" arsa an ceannuightheór.
    B - "Agus púnt leis mar 'thilly'".
    C - "Sin luach mála mine.
    B - Ná trácht ar mhin buí chuige
    Mar tá prátaíbreátha dá mbriseadh
    Tar éis an méile do ithe
    Buíochas le Mac Muire.
    "Ó" arsa an ceannathóir "fear magaidh sea tusa".
    D'fhéach Begley ar chapall an cheannathóra agus dúirt :
    Feach ar bhéal agus srón do chapaill
    A dhó shúil gan dalladh
    A dhá chluais ina seasamh
    A phíb go leabhair dtí an ama
    Is a ghuallain árd mar tacha
    A eirball siar á chasadh
    Anall 's anonn dá bhagairt
    Is cuir-se leis mar dhinn do theanga
    Fé bheidhir fúmsa arís ag magadh".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann