Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “An tSeachtain roimh Fhéile Sheáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Duine é seo a bhuail samhailt a mháthar cuige oíche roimh fhéil Sheáin dhá rá leis gur lamhachadh a dhriothár sa Chnoc Buí i bparóiste Tuar an Fhíona.
    Is ó Donncadh Ó Caoimh do rugadh i dTuar an Fhíona timpeall ceithre fichid bliain ó shoin agus do fuair bás le h-ais Mhillerí ceithre blian ó shoin, do fuaras.
    Is dúbhach cásmhar do bhíos-sa nuair a dhearas samhailt mo mháthair go cráite is í ag síor-ghol.
    An Mháthair :
    Éirigh id shuí, a Phádraig, is cráite beidh an croí agat
    Tré bhás do driothár álainn do lámhach sa Chnoc Buí amuigh
    An Mac :
    Fóil, fóil, ná h-imigh uaim go n-eósfair brí do scéal dom
    Ní fuiris é chur i dtuiscint dom go bhfuil an sconaire sin traochta
    Sé dúirt sí, bean gan gangaid mé nár thaithig riamh an t-éitheach
    Is ag crosaire na bhfeadán 'sea gabhadh de piléar air.
    Dá mbeadh litir agam ó Murchadh scríobhta fé na shéala
    Chuirfinn dtí's na Craithig í nó a mhaireann siad in aon chur
    Níl aon buachaill tuatha ó Lios Mór dtí Chluain Uí Phaorais
    Ná beadh ag teacht as faobhar air agus fuam aige do éileamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Chaoimh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Mheilearaí, Co. Phort Láirge