Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Slán le hÉirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireadh amach feirmeoir agus a mhuireann timpeall 70 bliain ó shoin anois. Chónaíodar gairid le Ceapach Chuinn. Ansan chuadar go dtí Canada agus chuireadar fútha ann. Ainm an sloinneach - Paorach.
    1.
    Aréir im luí dhom go tréith, lag, sínte
    Ag déanamh smaoineadh ar neultaibh suain
    Do phreab mé féin suas is chorraig m'intinn
    Nuair chualas ghá insint go raibh an long sa chuan.
    2.
    Do dhein mé smaoineamh gur bhfada an t-slí é
    Ar uisce doimhin ia an áit ró-fhuar
    'Sé dúirt an cladhaire bhí im thabhairt óm' mhuintir
    Déin tine d'adhmud is ní baol duit fuacht
    3.
    Sé dúirt an spéir-bhean gurbh olc an léigheann é
    Nó bfearr mar spré é ná an 'Mountain Lot'
    Nuair a chualas an méid sin is beag nár d'éigas
    Cé gur beag mar éifeacht é glórtha ban.
    4.
    Imeóchaidh mé féineach is ní bheadh ag plé leat
    Pé áit in Éirinn do gheobhaidh mé sos
    Tair-se féineach ó d'mhuintir Gaelach
    Sé rá gach aoinne gurb é ár leas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann